National Public Libraries Open Day
Saturday 27th September
Beidh Seirbhís Leabharlainne an Chabháin páirteach le leabharlanna ar fud na hÉireann Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a cheiliúradh.
Tugann an feachtas náisiúnta cuireadh don phobal “Breathnú Níos Géire” ar na seirbhísí nua-aimseartha, cuimsitheacha agus bríomhara a chuireann leabharlanna ar fáil inniu. Leagann sé béim ar ról atá ag athrú i gcónaí ag leabharlanna i sochaí na hÉireann mar áiteanna siamsaíochta, foghlama, ceangail, cruthaitheachta agus tacaíochta pobail.
Leagann feachtas na bliana seo béim ar an bhfíric go bhfuil ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus oscailte do chách, agus go gcuirtear feasacht chun cinn faoi raon leathan seirbhísí atá ar fáil ag an am céanna. Chomh maith le raon leathan leabhar bog agus crua, cuireann leabharlanna an lae inniu rochtain saor in aisce ar ríomhleabhair, ríomh-closleabhair, ríomhnuachtáin, ríomhirisí agus cúrsaí ríomhfhoghlama ar fáil, mar aon le cláir imeachtaí do gach aois, rochtain ar sheirbhísí priontála, agus spásanna cruthaitheacha agus staidéir. Is spásanna pobail fáilteacha, inrochtana agus cuimsitheacha iad leabharlanna poiblí a chuireann seirbhísí agus spásanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine fásta atá néara-éagsúil, agus a chothaíonn folláine, foghlaim ar feadh an tsaoil agus ceangal do gach duine.
National Public Libraries Day invites the public to “Take a Closer Look” at the modern, inclusive, and vibrant services libraries offer today. It highlights the evolving role of libraries in Irish society as places of entertainment, learning, connection, creativity, and community support.
This year’s campaign highlights that library membership is free and open to all, while raising awareness of the wide range of services available. In addition to a wide range of books, today’s libraries offer free access to eBooks, eAudiobooks, eNewspapers, eMagazines, and eLearning Courses, alongside programmes of events for all ages, access to printing services, creative and study spaces. Public libraries are welcoming, accessible, inclusive community spaces that offer services and spaces to children and adults who are neurodiverse, while fostering wellbeing, life-long learning, and connection for everyone.
National Public Libraries Day will be celebrated in library branches across Cavan. So join us and TAKE A CLOSER LOOK!
Events are happening throughout the county and we welcome you all!