1920_400-(1)-min-Copy

Cúrsaí Gaeilge

Cursaí Gaeilge

Cursaí Gaeilge.

  • Ar mhian leat úsáid a bhaint as An Gaeilge a d’fhoghlaim tú ar scoil?
  • An bhfuil tú ag staidéar don Teastas Sóisearach nó don Ardteistiméireacht?
  • An bhfuil suim agat dul chuig An Ghaeltacht?
  • Ar mhaith leat cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge?

Má thug tú freagra dearfach d’aon cheist thuas, tá eolas le fáil duit ar na hacmhainní oiriúnacha atá eagraithe againn anseo.

Úsáid na Teangan

  • Tá “Ciorcal Comhrá” eagraithe ag Glór Bhreifne achan coicís in Óstán Fearnainn, An Cabhán.
  • Tagann grúpa le chéile i Súil Eile i gCill na Leic do comhrá  gach Aoine timpeall 8in.
  • Tagann Gaeil Muinchille le chéile i Baile Muinchille go rialta

An Teastas Sóisearach agus an Ard Teistiméireacht

  • Sna Leabharlanna ar fud An Chontae, eagraítear ceardlainne a thugann cabhair do dhaltaí ullmhúcháin cuí a dhéanamh don Bhéaltriail sa Ghaeilge don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. Féach ar Facebook agus ar Twitter. 
  • Bí i dteagmháil le grúpaí de Chumann na bhFiann nó Spleodar a eagraíonn ranganna éagsúla a chabhraíonn le daltaí ullmhúcháin cuí a dhéanamh don Bhéaltriail. 
  •  

An Ghaeltacht

  • Eagraíonn Cumann na bhFiann cúrsaí Gaeilge a mhaireann ar feadh dhá no trí seachtaine sa Samhradh i gCo. Shligigh agus i gCo na Mí. Tugann na cúrsaí seo deis do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú i ndóigh thaitneamhach shuaimhneach gan stró. Eolas sa bhreis
  • Faigh eolas ó Concos, a thugann eolas do fhoghlaimeoirí ar chúrsaí Gaeilge i gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Eolas sa bhreis
  • Learning Irish is fun at Coláiste UISCE  Summer Gaeltacht Courses | UISCE

    Bíonn an cúrsa Gaeltachta tráidisiúnta le fáil le linn míonna an tSamhraidh agus um Cháisc. Tugann an rogha seo deis duit taitneamh a bhaint as eiteas UISCE a chuireann béim ar fhorbairt Gaeilge labhartha ata fite fuaite le eachtraí uisce a chuireann le fein muinín, scileanna ceannaireachta agus foclóir fairsing Gaeilge.

Cáilíochtaí sa Ghaeilge

  • GaelchultúrAbout Us | Gaelchultúr (gaelchultur.com)
  • Gaelchultúr provides Irish language courses and learning resources of the highest quality, aimed at those with an interest in Irish worldwide. Our goal is to provide first-class services that will inspire both learners and fluent speakers of Irish to improve their knowledge of the language. Gaelchultúr offers courses throughout the world, taught by our network of talented teachers, and our e-learning website, ranganna.com, gives learners all over the world the opportunity to learn at their own pace.
  • Oideas Gael. Rinneadh cúrsaí Oideas Gael a dhearadh go speisialta ar riachtanais daoine fásta ag gach staid den fhoghlaim ar a n-áiritear iad siúd a bhfuil roinnt dul chun cinn déanta acu ach iad gann i gcleachtadh. Cuimsíonn gach cúrsa a mhaireann seachtain de ghnáth, trí leibhéal nó os a chionn: Tosaitheoirí, Idirmhéanach agus Ardchaighdeán. Cliceáil Oideas Gael agus ansin Cúrsaí Gaeilge.
  • Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Tá scrúdaithe d’fhoghlaimeoirí fásta sa Ghaeilge le fáil ar sé leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 2 (C2). Scrúdaitear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhtuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá roinnt eolais ar fáil ar an suíomh. Cliceáil TEG
  • PEIG Home - PEIG The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Sa Bhreis

  • Sna leabharlanna ar fud An Chabháin, eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana a thugann deis don ghnáthduine Gaeilge a labhairt. Is é buaicphointe na n-imeachtaí ná Seachtain na Gaeilge i Mí an  Mhárta. Tagann Aoichainteoirí ar cuairt chomh maith sinn bíonn Comórtaisí Scoile, Seisiúin Scéalaíochta agus imeachtaí difriúla eile. Bíonn tuilleadh eolais le fáil ar an  suíomh, Facebook agus Twitter.
  • Bíonn imeachtaí spraiúla is bríomhara ar siúl ag Glór Bhreifne i rith na bliana.
  • Bionn cúrsaí cultúrtha eile ar siúl ag Oideas Gael trí mheán na Gaeilge; mar shampla, cúrsaí ealaíne, spaisteoireacht, ceardaíocht agus cúrsaí ceoil. Tá na cúrsaí seo oiriúnach do dhaoine ar mhiste leo caitheamh aimsire a chleachtadh agus an Ghaeilge a labhairt ag an am céanna. Cliceáil Oideas Gael 
Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.