Logo (1)
Closure of Council Offices Due to Industrial Action

All local authority offices and public buildings, including libraries, will be closed to the public on Wednesday, 14th October, due to planned industrial action.

Gearán a dhéanamh leis an gComhairle

Gearán a dhéanamh leis an gComhairle

Tá sé ar intinn ag Údaráis Áitiúla an Chabháin aon mhíshástacht i measc custaiméirí a laghdú trí sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar.

Aithnítear, áfach, go dtagann gearáin chugainn mar gheall ar dhéileáil le fiosrúcháin áirithe.  Is mór againn gach sórt aiseolais ó chustaiméirí, gearáin san áireamh, mar tugtar deis dúinn an caighdeán seirbhísí a fheabhsú.

Tá nósanna i bhfeidhm againn maidir le gearáin a chinntíonn go bpléitear i gcónaí faoi rún leo go cóir agus go cothrom.

Nuair a thagann gearán chomh fada le húdarás áitiúil, déanfar gach aon iarracht an fhadhb a réiteach laithreach bonn leis an ngearánach.

Nósanna maidir le Gearáin

Munar féidir gearán a réiteach ar bhonn áitiúil, is feidir gearán foirmiúil a dheanamh tri na céimeanna seo a leanas:

Céim 1

  • Priontáil an fhoirm ghearán chustaiméara

Céim 2

Líon an fhoirm agus seol chuig an seoladh seo í:

An tOifigeach Caidrimh Custaiméara

Seirbhísi Corparáideacha

Comhairle Chontae an Chabháin

Teach na Cúirte

An Cabhán

Cad a tharlaíonn ansan?

Seoltar litir admhála chuig an ngearánach laistigh de chúig lá.

Déanfaidh an tOifigeach Caidrimh Custaiméara athbhreithniú ar gach aon chomhad a bhaineann le hábhar agus más féidir seolfar freagra laistigh de thrí sheachtain tar éis dúinn an gearán a fháil.

Má bhíonn botún déanta ag Comhairle Chontae an Chabháin, seolfar míniú agus leithscéal agus deanfar iarracht ar an scéal a chur ina cheart.  Féachfar arís ar chleachtais reatha chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid de bhotún arís.

An féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh a dhéanann an Chomhairle?

Muna mbíonn tú sásta le cinneadh ón Oifigeach Caidrimh Custaiméara, is féidir gearán a dhéanamh leis an Ombudsman de réir na sonraí seo a leanas:

Oifig an Ombudsman

18 Sráid Líosáin Íocht

Baile Átha Cliath 2 

Ló-ghlao:  1890 22 30 30

Fón:  01 6395600

ombudsman@ombudsman.gov.ie

www.ombudsman.ie

Má bhíonn aon cheist eile agat faoi ghearán foirmiúil a dheanamh, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Oifigeach Caidrimh Custaiméara

Back to top