Logo (1)
Closure of Council Offices Due to Industrial Action

All local authority offices and public buildings, including libraries, will be closed to the public on Wednesday, 14th October, due to planned industrial action.

Cúrsaí Cumarsáide

Cúrsaí Cumarsáide

Baineann cúrsaí cumarsáide leis an scéal a scaipeadh faoina mbíonn ar siúl againn.

Baineann siad freisin le héisteacht dár gcuid custaiméirí, ionas gur féidir an eagraíocht a fhorbairt de réir a dtuairimí siúd.  Is ar an gcuma san a chinnteofar go mbímid i ndáirire ag freagairt do riachtanais an phobail.

Straitéis Eolais agus Cumarsáide

Tá sé mar aidhm ag an straitéis úd cumarsáid cuí a bhunú ar bhonn soiléir leanúnach idir Údaráis Áitiúla an Chabháin agus na páirtithe leasmhara, laistigh agus lasmuigh den eagraíocht. 

  • Priontáil an Straitéis Eolais agus Cumarsáide (pdf, 185 Kb)

D’fhorbair Údaráis Áitiúla an Chabháin an Straitéis Eolais agus Cumarsáide  maraon le Plean Gníomhaíochta chun a léiriú:

  • na modhanna cumarsáide a bhíonn againn le dreamanna éagsúla
  • mar a chuirfimid feabhas ar mhodhanna cumarsáide leis an bhfoireann agus leo siúd atá lasmuigh den eagraíocht

Cáipéis tábhachtach is ea an Straitéis mar tá rún againn:

  • ar gcuid cumarsáide a fheabhsú
  • cur chuige ar bhonn comónta  a úsáid ar fud Údarás Áitiúla an Chabháin.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm maidir le :

  • a mbíonn le rá ag na húdaráis áitiúla a chur in iúl
  • eolas ó fhoinsí eile a bhailiú.

Sonraí Teagmhála

Oifigeach Caidrimh Custaiméara

Oifigeach Cumarsáide

Back to top