Logo (1)
Closure of Council Offices Due to Industrial Action

All local authority offices and public buildings, including libraries, will be closed to the public on Wednesday, 14th October, due to planned industrial action.

Comhairlúchán Poiblí - Dréachtscéim i dtaca le Coistí um Beartais Straitéiseacha i gComhairle Contae an Chabháin

Dréachtscéim i dtaca le Coistí um Beartais Straitéiseacha a Bhunú agus a Fheidhmiú i gComhairle Contae an Chabháin le linn na tréimhse 2024 go dtí 2029.

Tá Comhairle Contae an Chabháin i ndiaidh dréachtscéim a cheadú chun Coistí um Beartais Straitéiseacha a Bhunú agus a Fheidhmiú i gComhairle Contae an Chabháin le linn na tréimhse 2024 go dtí 2029 agus í a chur amach ar Chomhairliúchán Poiblí.

Is féidir an dréachtscéim a fheiceáil ar shuíomh idirlín na Comhairle ar www.cavancoco.ie/spc. Tá cóip chrua den scéim ar fáil ach é a iarraidh ó Seirbhísí Corparáideacha, Sráid Fearnáin An Cabhán.

Déantar socrú sa dréachtscéim go mbunófaí cúig cinn de CBS-anna sna réimsí seo a leanas:

CBS 1 – Beartas Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Pleanáil

CBS 2 – Gníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht agus an Comhshaol

CBS 3 – Tithiocht, Cuimsiú Sóisialta, agus Seirbhísí Corparáideacha

CBS 4 – Bóithre agus Iompar, infreastruchtúr agus Seirbhísí Éigeandála

CBS 5 – Forbartha Cultúrtha, an Teanga Ghaeilge agus Spórt

Is Comhaltaí Tofa agus ionadaithe ó na páirtithe leasmhara agus ó na hearnálacha éagsula atá gníomhach sa Chontea a bheas ina mbaill de na CBS-anna.

  • Tugtar cuireadh anois do bhaill den phobal i gcoitinne, do bhaill d’eagraíochtaí pobail agus deonacha agus d’ionadaithe ó na hearnálacha leasmhara éagsúla, aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Contae an Chabháin i dtaca leis an dréachtscéim.

Más mian leat aighneacht a dhéanamh, ba chóir duit é a dhéanamh mar seo a leanas:

Trí rphost: esmith@cavancoco.ie

I scribhinn: Seirbhísí Corparáideacha , Comhairle Contae an Chabháin, Sráid Fearnáin An Cabhán. H12 V3W4

Data deireanach: Faoi mheán oíche an 6 Deireadh Fómhair 2024

Back to top